Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.
Lúcás 20:26 - An Bíobla Naofa 1981 Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus níor fhéad siad breith ar a fhocal i láthair na ndaoine; ach ag déanamh iontais dá fhreagra agus tost orthu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ní tháinic leo locht d’fhagháil ar a bhriathar ós cómhair na ndaoine, agus, ag déanamh iongantais dá fhreagair, d’fhan siad ina dtost. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil: agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d’éisteadar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó bʼionadh leo a fhreagra, dʼfhan siad ina dtost. |
Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.
Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.
Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile,
Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.
Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.
Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.