mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
Lúcás 20:23 - An Bíobla Naofa 1981 Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dʼaithin sé a gcleasaíocht, agus dúirt sé leo, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ag breathnughadh ar a gceilg dó-san, dubhairt sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachála orm? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’aithin sé a gcealg, agus adubhairt sé leo, Taisbeánaidh pinginn dom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: |
mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”
Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
“Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.”
Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?
Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh.
“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?
Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.
Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.