Lúcás 2:51 - An Bíobla Naofa 1981 Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus dʼumhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuaidh sé síos leo, agus tháinic sé go Nasair, agus bhí sé umhal dóibh. Agus chongbhuigh a mháthair na focail sin uilig ina croidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. |
Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.
Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ”
Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.