Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.
Lúcás 2:5 - An Bíobla Naofa 1981 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chun go ndéantaí a áireamh i n-aoinfheacht le Muire, a bhainchéile, a bhí ag iomchar cloinne. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. |
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,