Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 2:44 - An Bíobla Naofa 1981

Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus mar gur mheas siad é a bheith san chuideachta, tháinic siad siubhal lae, agus chuir siad a thuairisc imeasc a ngaolta agus a lucht aitheantais.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus, an tan do shaóileadar go raibh sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aitheanta.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Cheapadar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar ’ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad dá lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais,

Féach an chaibidil



Lúcás 2:44
6 Tagairtí Cros  

Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.


agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.


Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.