Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.
Lúcás 19:41 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic sé cómhgarach, ar fheiceáil na cathrach dó, ghoil sé faoithe, ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, |
Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.
Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé, toisc nár choimeád siad do bhriathar.
Is ar an ábhar sin a deirim: “Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.”
Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!
Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.