Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus giodh gur shocraidh se a ghnúis go tromdha, agus gur chonnuimh leis no go raibh naire air: fá dheoigh do ghuil óglach Dé.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:11
15 Tagairtí Cros  

Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é.


I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: “Cuirigí.” Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil.


Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí.


Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.


“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.


Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.


Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,


Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!


Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,


Bhris a ghol ar Íosa.


go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach;


Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.


go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí.


Is minic ráite agam cheana libh - agus deirim libh anois é go deorach - go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí