2 Ríthe 8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Do thairrghir Elisa ar ghorta sheachd blíadhna. 10 Ar bhás Bhenhadad. 13 Agus ar Hasael do bheith na rí. 1 Ansin do labhair Elisa ris an mhnáoi, ar aithbheoghuidh sé a mac, ghá radh, Eirigh, agus imthigh thusa agus muinntir do thighe, agus déana cuáirt gidh bé áit a bhféudfa tú comhnuidhe: óir do ghoir an TIGHEARNA air ghorta; agus tiucfaidh sí mar an gcéadna ar an ttír seachd mblíadhna. 2 Agus déirigh an bhean, agus do rinne do réir bhréithre óglaich Dé: agus dimthigh sí maille re muinntir a tighe, agus do rinne si comhnuidhe a ccrích na Bhphilistineach seachd mblíadhna. 3 Agus tárla a ccionn na seachd mblíadhan, gur fhill an bhean as crích na Bhphilistineach: agus do chuáidh amach do ghairm air an rígh fá na tigh agus fá na fearann. 4 Agus do comhráidh an rígh ré Gehasi searbhfhoghantuigh óglaich Dé, gha radh, Guidhim thú, innis damh, na huile neithe móra dá ndéarna Elisa. 5 Agus tárla, mar do bhí sé dá innsin don rígh mar do aithbheoghuigh sé duine marbh, féuch, gur éigh an bhean, ar aithbheoghuidh sé a mac, ar an rígh ar son a tighe agus a fearuinn. Agus a dubhairt Gehasi, O mo thighearna, a rígh, sí so an bhean, agus sé so a mac ar aithbheoghuidh Elisa é. 6 Agus a nuáir dfíafruigh an rígh don mhnaói, do innis sí dhó. Marsin dórduigh an rígh oifigeach áirigh dhi, gha rádh, Aisig gach ar bhuáin léith, agus toradh a fearuinn uile ón ló fá ar fhág sí an fearann, gus a nois. 7 ¶ Agus tháinic Elisa go Damascus; agus do bhí Ben‐hadad rígh na Síria tinn; agus do hinnseadh dhó, dhá rádh, Tháinic óglach Dé annso. 8 Agus a dubhairt an rígh ré Hasael, Glac tiodhlacadh ad láimh, agus imthigh, a ccoinne óglaich Dé, agus fíafruigh don TIGHEARNA maille leis, gha rádh, An néireochuidh misi as an ttinneas so? 9 Marsin do chuáidh Hasael na choinne, agus tiodhlacadh leis, eadhon do gach uile ní maith dá raibh an Damascus, úalach dha fhithchíod cámhall, agus tháinic sé agus do sheas da lathair, agus a dubhairt, Do chuir do mhac Ben‐hadad rígh na Siria misi go nuige thú, gha rádh, An ttiucfa mé ón ttinneas so? 10 Agus a dubhairt Elisa ris, Eirígh, abair rís, Is féidir leachd go demhin teachd as: gidheadh do thaisbéin an TIGHEARNA dhamhsa go bhfuighe sé bás ar gach éanchor. 11 Agus giodh gur shocraidh se a ghnúis go tromdha, agus gur chonnuimh leis no go raibh naire air: fá dheoigh do ghuil óglach Dé. 12 Agus a dubhairt Hasael, Cred fa nguilionn mo thighearna? Agus do fhreagair seision, Do bhrígh go bhfuil a fhíos agum an tolc do dhéanas tusa do chloinn Israel: cuirfidh tú a ndaingneacha láidre tre theine, agus muirfidh tú a ndaoine óga leis an gcloidheamh, agus scriosfuidh tú a cclann, agus scoiltfidh tú a mná torrcha. 13 Agus a dubhairt Hasael, Achd cred, an madradh do shearbhfhoghantuigh, ás a ndéanadh sé an ní mórsa? agus do fhreagair Elisa é, Do thaisbéin an TIGHEARNA dhamhsa go mbia tusa ad rígh ós cionn na Siria. 14 Marsin dimthigh sé ó Elisa, agus tháinic sé go nuige a mhaighistir; noch a dubhairt ris, Cred a dubhairt Elisa riot? Agus do fhreagair seision, Dinnis sé dhamh go ttiucfasa as go deimhin. 15 Agus tárla ar na mhárach, gur ghlac sé éadach reamhar, agus gur thum a nuisge é, agus gur leathnuigh ar a aghaidh é, iondus gur éug sé: agus do ríoghadh Hasael na áit. 16 ¶ Agus annsa ccúigeadh blíadhain do Ióram mac Ahab rígh Israel, ar mbeith do Iehosaphat an tansin na rígh Iúdah, do thosuigh Iehoram mac Iehosaphat rígh Iudah a rioghachd. 17 Dhá bhlíadhain agus tríochad do bhí sé daóis a nuáir do thosuigh sé ríghe; agus do bhí na rígh ochd mblíadhna ann Ierusalem. 18 Agus do shiubhail sé a slighe ríghthe Israel, mar do rinne tigh Ahab: óir do bí inghean Ahab a bhean: agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA. 19 Gidheadh nior bháill leis an TTIGHEARNA Iúdah do scrios a nonoír shearbhfhoghantuigh Dáibhi, mar do gheáll sé go ttiubhradh solus dó a ccomhnuighe, agus dá chloinn. 20 ¶ Iona laéthibhsion do chúaidh Edom ó bheith fáoi láimh Iúdah, agus do rinneadar rígh orra féin. 21 Marsin do chuáidh Ióram anonn go Sair, agus na carbuid uile leis: agus déirigh sé san noidhche, agus do bhúail na Hedomítigh noch tháinic gacha táobha dhe, agus do theitheadar caiptínigh na ccarbad: agus an pobal dá bpáilliúnuibh. 22 Gidheadh dimthigh Edom ó bheith fáoi láimh Iúdah gus a niugh. Ann sin dfill Libnah uátha a núair chéadnasin. 23 ¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Ióram, agus a nuile ní dá ndéarna sé, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah? 24 Agus do choduil Ióram agá aithribh, agus hadhlaiceadh é a bhfochair a aithreadh a gcathruigh Dháibhi: agus do ríoghadh Ahasiah a mhac na áit. 25 ¶ Annsa dara blíadhuin déug do Ióram mhac Ahab rígh Israel do thosuigh Ahasiah mac Iehóram rígh Iúdah ríaghladh. 26 Dhá bhlíadhuin agus fithche daóis do bhí Ahasiah a nuáir do thosuigh sé ríghe; agus do bhí na rígh áon blíadhuin amháin ann Ierusalem. Agus dob é ainm a mhathair Ataliah, inghean Omri rígh Israel. 27 Agus do shiubhail sé a slighe thighe Ahab, agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, mar do rinne tigh Ahab: óir fa clíamhuin do thigh Ahab é. 28 ¶ Agus do chuáidh sé le Ióram mac Ahab chum cogáidh a naghaidh Hasael rígh na Síria a Ramot‐gílead; agus do loiteadar na Sírianuigh Ióram. 29 Agus do chuáidh an rígh Ióram ar ais go Iesreel dá leighios ó na cneadhuibh thugadar na Síríanuigh air a Rámot, a nuáir do throid sé á naghaidh Hasael rígh na Síria. Agus do chúaidh Ahasiah mac Ióram rígh Iudah síos dféuchuin Ióram mhic Ahab go Iesreel, do bhrígh go raibh sé tinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society