2 Ríthe 8:10 - An Bíobla Naofa 198110 D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Agus a dubhairt Elisa ris, Eirígh, abair rís, Is féidir leachd go demhin teachd as: gidheadh do thaisbéin an TIGHEARNA dhamhsa go bhfuighe sé bás ar gach éanchor. Féach an chaibidil |
agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”