Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Marsin do chuáidh Hasael na choinne, agus tiodhlacadh leis, eadhon do gach uile ní maith dá raibh an Damascus, úalach dha fhithchíod cámhall, agus tháinic sé agus do sheas da lathair, agus a dubhairt, Do chuir do mhac Ben‐hadad rígh na Siria misi go nuige thú, gha rádh, An ttiucfa mé ón ttinneas so?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:9
13 Tagairtí Cros  

Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”


Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám;


Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”


Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: “A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!”


Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”


Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: “A athair, dá n‑iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: ‘Nigh thú féin agus beidh tú glan’?”


Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.


Nuair a chonaic rí Iosrael iad, dúirt sé le hEilíseá: “An gcuirfidh mé chun báis iad, an gcuirfidh mé, a athair liom?”


tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite,


Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.


Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”


Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí