Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a dubhairt an rígh ré Hasael, Glac tiodhlacadh ad láimh, agus imthigh, a ccoinne óglaich Dé, agus fíafruigh don TIGHEARNA maille leis, gha rádh, An néireochuidh misi as an ttinneas so?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:8
11 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám;


Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad.


agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”


Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”


“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”


Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.


Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo:


Ansin sheol sé amach iad agus d'fhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?”


Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí