Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Lúcás 19:34 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt siadsan, “Tá gnó ag an Tiarna leis.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad-san: De bhrígh go bhfuil feidhm ag an Tighearna air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar‐san, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,” |
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?”
agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.
Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,
Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.