Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
Lúcás 18:22 - An Bíobla Naofa 1981 Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala Íosa sin dúirt sé leis, “Tá aon ní amháin in easpa ort go fóill. Díol a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala Íosa sin, dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin do dhíth ionnat go fóill: díol gach nídh dá bhfuil agat, agus tabhair do na bochta, agus béidh stór agat ar neamh; agus tar, lean mise. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar chloisteáil sin dʼÍosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní hamháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.” |
Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
“Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”
Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.
Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.
Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham
Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.