Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Ach nuair a chuala sé sin, bhí brón air, mar bhí sé an-saibhir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Ar a chluinstin sin dó, tháinic brón mór air, óir bhí sé an tsaidhbhir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Acht ar n‐a chlos sin dó‐san, d’éirigh sé brónach go mór; óir do bhí sé an‐tsaidhbhir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:23
15 Tagairtí Cros  

Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.


Chuir an chaint sin buaireamh air agus d'imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.


Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”


Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”


Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!


Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”


Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh


É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.


Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.


Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú


Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.


Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí