Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 16:6 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

‘Céad bairille ola,’ ar seisean. Agus dúirt sé leis, ‘Beir ar dʼadmháil, agus suigh síos go gasta agus scríobh leathchéad.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt seisean: Céad bairille ola. Agus dubhairt sé leis: Glac do bhille, agus suidh síos go tapaidh, agus scríobh leithchéad.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adubhairt seisean, Céad feircín ola. Agus adubhairt sé leis, Faigh do bhille, agus suidh síos go luath, agus scríobh caogad feircín.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a seision, Céd miosúr ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath, agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’

Féach an chaibidil



Lúcás 16:6
7 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’


Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?


Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’


Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’


Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.


Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann.


nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.