Lúcás 16:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is fusa do neamh agus do thalamh dul ar ceal ná dʼaon phonc den dlí a bheith gan bhrí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht is fusa neamh agus talamh dul i neimhnídh, ná aon mharc de’n dlighe tuitim. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht is fusa do rachadh neamh agus talamh ar ceal, ná go dtuitfeadh ponnc dá laighead de’n reacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd as usa neamh agus talamh do dhul thort, ná áonphunc don dligheaddh do thuitim. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár. |
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.
An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.
Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.
Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.
Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.
Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”