Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba ansin a chonaic mé neamh úmua agus talamh úrnua; ó bhí deireadh leis an gcéad neamh agus leis an gcéad talamh, agus ní raibh aon fharraige ann ní ba mhó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do chonnacas neamh úr‐nua agus talamh úr‐nua: óir do bhí an chéad neamh agus an chéad talamh imthighthe, agus ní raibh an fhairrge ann ní ba mhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do chonnairc mé neamh núadh agus talamh núadh: óir do chúaidh an céidneamh agus an céud thalamh thoruinn; agus ní raibh fairrge ann ní sa mhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:1
13 Tagairtí Cros  

An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.


An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh, tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas. Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann, áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.


Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.


Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.


mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé.


Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.


Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.


Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n‑adharc agus seacht g ceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n‑adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”


Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n‑ionad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí