Apacailipsis (Taispeántadh) 21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do chonnacas neamh úr‐nua agus talamh úr‐nua: óir do bhí an chéad neamh agus an chéad talamh imthighthe, agus ní raibh an fhairrge ann ní ba mhó. 2 Agus do chonnacas an naomh‐chathair, Iarúsalem nua, ag teacht anuas ó Dhia as na flaitheasaibh, í gléasta mar bhéadh bean nua‐phósta maisighthe fá chómhair a fir. 3 Agus do chualas árd‐ghlór ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Féach, atá tabernacal Dé ag daoinibh, agus déanfaidh sé cómhnaidhe i n‐éinfheacht leo, agus béidh siad ’n‐a bpobal aige, agus béidh Dia féin ’n‐a bhfochair, agus béidh sé aca mar Dhia: 4 agus glanfaidh sé gach deor d’á súilibh, agus ní bhéidh an bás ann níos mó; ní bhéidh, ná brón, ná caoineadh, ná pian; óir atá na chéad neithe imthighthe ar ceal. 5 Agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, adubhairt sé, Féach, atáim ag déanamh an uile nidh as an nua. Agus adubhairt sé, Scríobh: óir is fírinneach, ionnraic na briathra so. 6 Agus adubhairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosach agus an deireadh. Do’n té go bhfuil tart air do‐bhéarfad le n’ól de thobar uisce na beathadh i n‐aisce dhó. 7 An té bheireas buaidh, béidh sé ’n‐a oidhre ar na neithibh seo: agus béidhead mar Dhia aige, agus béidh seisean mar mhac agam‐sa. 8 Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás. 9 Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe líonta de na seacht bpláigheannaibh deireannacha aige; agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit an bhean nua‐phósta, bean an Uain. 10 Agus rug sé leis mé san Spiorad go dtí sliabh mór árd, agus do thaisbeáin sé dhom an naomh‐chathair, Iarúsalem, ag teacht anuas as na flaitheasaibh ó Dhia, 11 agus glóir Dé uirthi. Do bhí a deallramh cosmhail le cloich shár‐luachmhair, mar bhéadh cloch iaspair, chómh soillseach le criostal. 12 Do bhí balla mór, ard aici, agus bhí dhá gheata déag ann, agus do bhí dhá aingeal déag ag na geataibh, agus ainmneacha scríobhtha ortha, ainmneacha dhá threibh déag cloinne Israel. 13 Do bhí trí gheata ar an taobh thoir di; trí gheata ar an taobh thuaidh dhí; trí gheata ar an taobh theas di; agus trí gheata ar an taobh thiar di. 14 Agus do bhí dhá fhotha déag fá’n gcathair, agus dhá ainm déag dhá abstal déag an Uain ortha. 15 Agus an té do bhí ag labhairt liom, bhí giolcach óir mar mhiosúr aige chum an chathair, agus na geataí, agus an balla do thómhas. 16 Agus atá an chathair bunuighthe go ceathair‐cheárnach, agus is ionann faide agus leithead di: agus do thómhais sé an chathair leis an ngiolcach, dhá mhíle déag staid: is ionann faide agus leithead agus áirde dhi. 17 Agus do thómhais sé an balla, céad, dá fhichid is ceithre cubhaid, do réir miosúir duine, is é sin miosúr aingil. 18 Agus do bhí an balla déanta de iaspar: agus bhí an chathair ’n‐a h‐ór glan, cosmhail le gloine shoillsigh. 19 Do bhí fothaí balla na cathrach maisighthe le clochaibh luachmhara de gach saghas; ba chloch iaspair an chéad fhotha; saifír an dara fotha, cailcéadón an tréas fotha; smaragaid an ceathramha fotha; 20 sárdónics an cúigeadh fotha; sáird an sémhadh fotha; criosalít an seachtmhadh fotha, béiril an t‐ochtmhadh fotha; tópás an naomhadh fotha; criosófrás an deicheamhadh fotha; iacint an t‐aonmhadh fotha déag; aimitist an dara fotha déag. 21 Agus dhá phéarla déag ab eadh an dá gheata déag; do bhí gach geata ar leith déanta d’aon phéarla amháin; agus bhí sráid na cathrach ’n‐a h‐ór glan‐úr, mar bhéadh gloine shoillseach. 22 Agus ní fhacas aon teampall istigh innti: óir is é an Tighearna Uile‐chumhachtach, mar aon leis an Uan, is teampall di. 23 Agus ní fhuil gábhadh ag an gcathair leis an ngréin, ná leis an ngealaigh chum í do shoillsiú: óir soillsigheann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di. 24 Agus siubhalfaidh na cinidheacha fá n‐a solas: agus béarfaidh righthe na talmhan a nglóir isteach innti. 25 Agus ní dúnfar a geataí de ló (óir ní bhéidh aon oidhche annsin): 26 agus béarfar glóir agus gradam na gcinidheach isteach innti: 27 agus ní rachaidh isteach innti éinnidh neamh‐ghlan, ná aon duine do‐ghní gráineamhlacht nó bréag: acht na daoine amháin go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha i leabhar beathadh an Uain. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society