Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”
Lúcás 13:7 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé le saothróir na fíniúna, ‘Féach, tá mé i ndiaidh teacht na trí bliana seo ag iarraidh toraidh ar an gcrann fige seo, agus gan a fháil. Gearr anuas é; cad chuige ligean dó an talamh a chur amú?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé le saothruightheoir an fhíonghuirt: Féach, le trí bliadhna tá mé ag teacht a chuartughadh tortha ar an chrann fíge seo, agus ní fhaghaim é; gearr anuas é, dhá bhrígh sin: cad chuige a bhfuil sé ag cumhangladh ar an talamh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leis an bhfíon‐churadóir, Féach, atáim le trí bliadhnaibh ag teacht ar lorg tortha ar an gcrann fige seo, agus ní fhaghaim: leag é; cad chuige an talamh do chur amugha gan tairbhe d’á dheascaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris an ngárradóir, Féuch, atáim ré trí bliádhuibh ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fígsi, agus ní faghaim: gear é; cred fá gcungmhann sé an fearann go neamhtharbhach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann fíge seo agus ní bhfaghaim é; gearr é: cad chuige go mbeadh an talamh aige? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann figí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ |
Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”
Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é.
d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.
Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.
Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,
Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.