Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach ba é a dʼfhreagair sé air, ‘Lig dó, a dhuine uasail, an t‑aon bhliain eile seo amháin, go dtí go rómhróidh mé an chré ina thimpeall, agus go gcuirfidh mé aoileach faoi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus deir seisean leis, ghá fhreagairt: A Thighearna, leig dó an bhliadhain seo fosta, go dtí go rómhraidh mé thart fá dtaoibh de, agus go gcuiridh mé aoileach leis,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leis, A thighearna, leig dó an bhliadhain seo,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A thighearna, leíg dhó ar an mbliadhainsi mar an gcéadna, nó go romhradh mé na thimcheall, agus go gcnire mé áoileach fáoi:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar ’n-a thímpal agus go gcuiread leasú leis,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach dúirt seisean leis dá fhreagairt: ‘A Mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:8
17 Tagairtí Cros  

Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.


agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’


agus b'fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’ ”


Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”


Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad.


le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.


Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí