Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
Lúcás 13:21 - An Bíobla Naofa 1981 Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is cosamhail í le deascaidh a ghlac bean gur fholuigh sí é i dtrí pheice mine, go dtí go raibh an t-iomlán ina dheascaidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is cosmhail í le laibhín do ghlac bean chuichi, agus d’fholuigh sí i dtrí peicibh mine nó gur ghlac an t‐iomlán an laibhín. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is cosmhuil í re laibhín, do ghabh bean choice agus dfoluigh sí a dtrí bheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is cosmhail é leis an ngiost a thóg bean, agus d’fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí gur ghlac an mhin go léir an giost. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic phlúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.” |
Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh.
Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.
Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.