Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
Lúcás 12:47 - An Bíobla Naofa 1981 An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus an seirbhíseach úd arbh eol dó toil a mháistir, agus nach ndearna réidh agus nach ndearna a thoil, buailfear go trom é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an seirbhíseach sin, a raibh a fhios aige toil a thighearna, agus nár ullmhuigh é féin, agus nach ndearna do réir a thola, gheobhaidh sé mórán buillí; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thighearna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air; |
Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”
tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.
An té a dhiúltaíonn domsa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach.
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”
Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.