Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:48 - An Bíobla Naofa 1981

48 ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

48 Ach an té nach raibh a fhios aige, agus a thuill a bhualadh, ní bhuailfear ach go héadrom é. An duine ar tugadh mórán dó, iarrfar mórán air; mar dá mhéid a thabharfaidh na daoine dʼfhear is amhlaidh is mó a iarrfas siad uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

48 Acht an té nach raibh a fhios aige, agus a rinne neithe a thuill buillí, buailfear beagán air. Agus gach aoinneach, dár tugadh mórán, éileochar mórán air, agus an té dá dtug siad mórán i dtaiscidh, iarrfaidh siad níos mó air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

48 Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

48 ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg móráin uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:48
21 Tagairtí Cros  

“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.


Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca.


Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.


(“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)


Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”


“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!


Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’


Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.


Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.


má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir.


atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm,


agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir.


A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí