Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
Lúcás 12:39 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb'eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach tugaim le fios daoibh, dá mbeadh an t‑eolas ag fear an tí faoi cá huair a bhí an gadaí ag teacht, bheadh sé ina dhúiseacht gan ligean dó briseadh isteach ina theach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht bíodh a fhios agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cad é an uair a thiocfadh an gadaidhe, is cinnte go ndéanfadh sé faire agus nach leigfeadh sé a theach a thochailt fríd. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuileóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bíodh fios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mbʼeol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. |
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.
Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.
“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”
Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.