Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
Lúcás 12:11 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a thugtar sibh os comhair na sionagóg agus na rialtóirí agus na n‑údarás, ná bíodh imní oraibh conas nó cad é a fhreagróidh sibh nó cad é a déarfaidh sibh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhéarfas siad isteach ins na sineagóga sibh, agus ós cómhair na n-uachtarán agus lucht cumhachta, ná bíodh imnidhe oraibh fá’n dóigh ná fá’n nídh a fhreagróchas sibh, ná cad é a déarfas sibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do bhéaruíd síad sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; |
Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,
“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’
Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.
Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.