Lúcás 11:10 - An Bíobla Naofa 1981 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir gach aoinneach a iarras, glacann sé; agus an té a chuartuigheas, gheibh sé; agus fosclóchar do’n té a bhuaileas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. |
Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích; tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”
Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.
An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.
Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
Cé hé an t‑athair in bhur measc go n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?
Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n‑iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n‑ainmhianta.
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.