Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Séamas 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n‑iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n‑ainmhianta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Iarrann sibh agus ní bhfaigheann sibh, ós go hole a iarrann sibh ní, le bhur n-ainmhian a shásamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Iarrann sibh, agus ní fhaghann sibh, de bhrigh go n‐iarrann sibh go h‐olc, chum bhur n‐ainmhianta do shásamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Iárruidh sibh, agus ní gheibh sibh, éinní, do bhrígh go níarrthaói go holc, ionnus go mbíadh sibh ag caitheamh ré bhur míangusaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 4:3
25 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,


Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra, De bharr dhíomas na n‑urchóideach.


Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom.


Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.


Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.


Ar an ábhar sin - is mar seo a deir an Tiarna - tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.


“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.


Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”


Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.


Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo.


D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”


Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”


Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.


Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.


Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’


Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?


Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh.


Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí