Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n‑iarrann sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Bíonn mian oraibh gan sásamh agaibh; agus maraíonn sibh mar sin. Bíonn saint oraibh gan sásamh le fáil; agus cuireann sibh cathanna agus cogaí. Ní bhíonn agaibh ó nach n-iarrann sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Bíonn andúil agaibh, agus gan nidh agaibh d’á bárr: bíonn sibh ag marbhadh, agus bíonn éada oraibh, agus ní fhéadann sibh rud d’fhágháil: bíonn sibh ag cómhrac agus ag troid, agus ní bhíonn rud agaibh, de thoisc nach n‐iarrann sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sib hag marbhadh, agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 4:2
14 Tagairtí Cros  

Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom d'fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé m'fhíonghort duit.’ ”


Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.


fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.


D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”


Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.


Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.


D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”


Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.


Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.


An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí