Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:53 - An Bíobla Naofa 1981

Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Líon sé le neithe maithe an méid a raibh ocras ortha, agus chuir sé na saidhbhre ar shiubhal folamh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh; Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:53
21 Tagairtí Cros  

agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois. Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.


A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.


Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha.


“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.


D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -


“Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. “Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.


“Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana.


“Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.


Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal.


Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.


Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.