Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú, agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?
Lúcás 1:4 - An Bíobla Naofa 1981 chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chun go ndéana sibh deimhin de na nithe úd a dʼfhoghlaim sibh ó bhéalaithris. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go mbéadh a fios agat fírinne na mbriathar sin a múineadh duit. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) chum go mbheitheá lán‐deimhnighthe de na neithibh do múineadh dhuit. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go mbía deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) I dtreó go mbeadh agat fios fírinne na bhfocal a múineadh duit. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu. |
Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú, agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?
Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.
agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n‑aithníonn tú na nithe is fiúntaí;
ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.
An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte.