Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Lúcás 1:27 - An Bíobla Naofa 1981 chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuig óigh a bhí luaidhte le fear, arbh ainm dó Ióseph, de theaghlach Dháibhidh; agus ba Muire ainm na h-óighe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus ba é ab ainm don mhaighdean, Muire. |
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”