Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham.
Lúcás 1:23 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, dʼfhill sé ansin abhaile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a bhí laethe a dhualgais cóimhlíonta, gur imthigh sé chun a thighe féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do bhí laethe a dhualgais críochnuighthe aige, gur imthigh sé chum a thighe féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. |
Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham.
Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.
Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,