“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Lúcás 1:16 - An Bíobla Naofa 1981 agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is iomaí sin duine de chlann mhac Iosrael a thiontóidh sé chuig a dTiarna Dia, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tionntóchaidh sé mórán de chloinn Israéil chuig a dTighearna Dia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus iompóchaidh sé mórán de chlainn Israel chum an Tighearna, a nDia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndía féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. |
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,