San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.
Annsa namsin féin do labhair an TIGHEARNA tre Isaiah mhac Amos, gha rádh, Imthigh agus scaóil an saicéadach ó a ttimchioll do leasruigh, agus cuir do bhróg dot chois. Agus do rinne sé sin, ag siubhal nochtuigh agus lomchosach.
Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”
Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”
Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.
Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
“Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.
Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime - mar bhí sé gan é - agus chaith sé é féin isteach san fharraige.
Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha.
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”
D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.
Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d'fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”