Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Míocá 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Uimesin caóidhfidh mé agus núallfuidh mé, imeocha mé tárnochd agus lomnochd: do dhéana mé gearán mar na draguin, agus cúmha mar na hulchabhcanuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Míocá 1:8
19 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d'ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad.


Is bráthair don seacál mé, Agus comrádaí don ostrais.


Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.


Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann, agus beidh a cuid tithe lán d'ulchabháin. Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin, agus na púcaí ag rince ina lár.


Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile... Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde.


Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha;


Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.


Is ar an ábhar sin a deirim: “Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.”


Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!


Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.


Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,


Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.


Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ‘Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!’ ”


“A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:


An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”


Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d'fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí