Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Amhuil mar do shiubhluighios mo shearbhfhoghantuighe Isaiah nochduigh agus gan choisbheirt trí blíadhna mar chomhartha agus mar iongnadh ar a Négipt agus ar a Netíopia;

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 20:3
16 Tagairtí Cros  

Tá mé chun an Éigipt a thabhairt isteach i lámha aintiarna, agus beidh réimeas ag rí danartha orthu. Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.


Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis:


Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.


Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.


Dúirt an Tiarna é seo liom: “Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.”


Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”


Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt; beidh scanradh ar an Aetóip nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt, nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin agus go réabfar a bunsraith.


Seo mar a deir an Tiarna: Titfidh lucht taca na hÉigipte, rachaidh a neart mórchúiseach i laige, titfidh siad inti leis an gclaíomh ó Mhigdeol go Saené an Tiarna Dia a labhraíonn.


“A mhic an duine, glac chugat bríce agus leag romhat é agus línigh an chathair, Iarúsailéim, air.


Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.


Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha, pollfar sibh le mo chlaíomh.


Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.


Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí