Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 20:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Annsa namsin féin do labhair an TIGHEARNA tre Isaiah mhac Amos, gha rádh, Imthigh agus scaóil an saicéadach ó a ttimchioll do leasruigh, agus cuir do bhróg dot chois. Agus do rinne sé sin, ag siubhal nochtuigh agus lomchosach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 20:2
27 Tagairtí Cros  

Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.


Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”


“Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,” ar siad leis. “Ba é sin Éilias an Tisbíoch,” ar sé.


Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.


“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”


Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.


Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.


Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.


Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”


Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.


“A mhic an duine, glac chugat bríce agus leag romhat é agus línigh an chathair, Iarúsailéim, air.


Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin.


Séidigí an stoc, a áitritheoirí Shaifír! Ní bhogann áitritheoirí Zánán amach as a mbaile. Tá Béit Eizéil faoi bhrón; tógfar uait gach taca.


Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.


“Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.


Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.


Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.


Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime - mar bhí sé gan é - agus chaith sé é féin isteach san fharraige.


Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha.


Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”


D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d'fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí