Eoin 21:7 - An Bíobla Naofa 19817 Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime - mar bhí sé gan é - agus chaith sé é féin isteach san fharraige. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Ar an adhbhar sin, dubhairt an deisciobal sin, a b’ionmhuin le h-Íosa, le Peadar: Is é an Tighearna atá ann. Nuair a chuala Síomon Peadar gurbh é an Tighearna a bhí ann, chuir sé a chasóg fá dtaoibh de (óir bhí sé tárnocht) agus chaith sé é féin san fhairrge. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 An deisceabal úd do b’ionmhain le h‐Íosa, adubhairt sé le Peadar, Is é an Tighearna atá ann. Nuair do‐chuala Peadar gurbh é an Tighearna é, do chuir sé a chóta air, (óir bhí sé nocht), agus do chaith sé é féin isteach san bhfairrge. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 Ansan, an deisgiobul san dob’ ionmhuin le h-Íosa, dubhairt sé le Peadar: Isé an Tighearna é. Nuair airigh Símón Peadar gur bh’ é an Tighearna é, do chuir sé a bhrat uime (oir bhí sé nocht) agus chaith sé é féin sa bhfaraige. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Ansin an deisceabal ab ionúin le hÍosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime–mar bhí sé gan é–agus chaith sé é féin isteach sa bhfarraige. Féach an chaibidil |