Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
Íseáia 1:3 - An Bíobla Naofa 1981 Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Aithnigh an damh an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a mhaighisdir: acht ní aithnighionn Israel, ní smuainionn mo phobalsa. |
Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!
Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart.
Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.
Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,
Choinnigh clann mhac Iónádáb mhic Raecáb aithne a sinsir a thug sé dóibh, ach níor éist an pobal seo liomsa.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d'fhág ar fán iad ar na sléibhte; d'imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
“Nach lag do chroí - an Tiarna Dia a labhraíonn - leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh,
Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha, agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;