Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
Irimia 8:18 - An Bíobla Naofa 1981 Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ A nuáir do shaóilios mé féin do shólásughadh a naghaidh an dóláis, atá mo chroidhe lag ionnam. |
Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
Is ar an ábhar sin a deirim: “Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.”
I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.