Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’
Dúirt sé leis an rí: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d'anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.’ ”
Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”
Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
“Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”
Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.