Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Tabhair tuama do Mhóáb, óir tá sé scriosta go hiomlán; tá a bhailte uaigneach, gan aon duine ina chónaí iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Tugaidh sciatháin do Mhóab, chor go tteithfidh sé agus go nimeochaidh sé roimhe: óir béid a chaithreacha úaigneach, gan áitreabhach air bhith ionta.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:9
8 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”


Tagann sceimhle is scanradh orm anuas, tá mé i mo stalc ag an uamhan.


Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.


Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga, a áitritheoirí Mhóáb. Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a nead i mbéal na haille.


Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”


Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí