Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 (“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Go madh malluighthe an té do ní oibreacha an TIGHEARNA go meabhlach, agus go madh malluighthe an té choinneochus a chloidheamh ar ais ó fhuil.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:10
15 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’


Ach fad bhí do shearbhónta gafa le cúram agus cúram eile, d'éalaigh an fear leis.” Dúirt rí Iosrael: “Sin í an bhreith ort, más ea. Tú féin a thug í.”


Dúirt sé leis an rí: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d'anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.’ ”


Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”


Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n‑éisteann briathra an chonartha seo


Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair!


Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d'ordaigh sé é.”


D'oscail an Tiarna a armlann agus thug amach airm a dhíoltais. Óir tá obair le déanamh ag an Tiarna, Dia na Slua, i dtír na gCaildéach.


Maraígí a daimh uile; síos leo go dtí an seamlas! Mairg dóibh, tá a lá tagtha, aimsir a gcuarta.


Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”


“Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.


Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”


Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí