Irimia 47 - An Bíobla Naofa 1981Na Filistínigh 1 Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar. 2 Is mar seo a deir an Tiarna: “Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre, 3 le tormán cruite a chuid staileanna, le toithréim a charbad, le díoscán a roilleán. Dearmadann aithreacha a gclanna; éiríonn a lámha lag. 4 Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór. 5 Ceann bearrtha ar Ghaza! Sost ar fud Aiscileon! Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím, cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin? 6 Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair! 7 Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d'ordaigh sé é.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart