Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 47:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ceann bearrtha ar Ghaza! Sost ar fud Aiscileon! Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím, cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Tháinic maóile ar Ghasa; do gearradh amach Ascelon maille re fuighioll a ngleanna: cá fad ghearrfas tú thú féin?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 47:5
20 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo.


Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.


Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,


go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.


Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.


Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.


Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.


Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.


Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.


Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp.


Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.


Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus d'oíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus á ghreadadh féin le clocha.


“Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n‑éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh.


[Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí