Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 47:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do bhrígh an láe thig do mhilleadh na Bhphilistineach uile, agus do ghearradh ó Thíor agus ó Shídon a nuile chuidightheach dá maireann: óir creáchfuidh an TIGHEARNA na Philistinigh, fuighioll tíre Chaphtor.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 47:4
27 Tagairtí Cros  

Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,


Patrús, agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.


Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.


Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.


Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?


Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.


Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’ ”


Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é agus alpfar é le claíomh nach daonna; teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.


Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.


socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.


“Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n‑uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.


Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna, nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt, nuair a bhrisfear a tacaí go léir.


Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir.


Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.


“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?


óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh.


Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n‑áit.)


Nuair a chuala Píneachás sagart agus ceannairí an chomhthionóil, cinn finí Iosrael, a bhí in éineacht leis, na focail a dúirt clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise, d'aontaíodar leo le fonn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí