Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 47:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 O a chloidhimh an TIGHEARNA, gá fad no go mbía tú suáimhneach? cuir a steach thú féin ann do dhúbhla, bí ciúin, agus suáimhneach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 47:6
20 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”


agus thug sé ordú don aingeal agus chuir sé a chlaíomh ina thruaill.


Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.


An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.


Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí, an bata atá á bheartú agam le barr feirge!


Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


“Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.


“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’


Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil, agus guth an stoic a cloisteáil?


(“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)


Claíomh do na Caildéigh - an Tiarna a labhraíonn - do áitritheoirí na Bablóine, dá ceannairí agus dá saoithe!


Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;


Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n‑ólfaidh mé é?”


Shéid na trí díormaí ar a n‑adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: “(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí