Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 13:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do bhí óglach Dé feargach ris, agus a dubhairt sé, Budh chóir dhuit a bhualadh a cúig no a sé huáiribh; annsin do bhuáilfá Síria nó go scriostá í: a nait nach mbuáilfidh tú anois Síria achd trí huáire.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 13:19
13 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Eilíseá: “Tóg na saigheada,” agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: “Buail an talamh,” agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.


Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.


“Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”


Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: “A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,” agus níorbh fhéidir leo é a ithe.


dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”


Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: “Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.”


(“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)


Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:


Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”


Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.


Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.


Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí