Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.
Irimia 40:1 - An Bíobla Naofa 1981 An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An bhríathar tháinic go Ieremiah ón TTIGHEARNA, tar éis Nebusar‐adan caiptín an ghárda do léigion dó imtheacht as Ramah, a nuáir do ghabh sé é, ar mbeith dhó ceangailte a slabhradhuibh a measc gach a rugadh a láimh ó Ierusalem agus ó Iúdah, noch rugadh a láimh don Bhabiloin. |
Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.
Óir rinne sé smionagar de na doirse práis agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.
Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach; is é sin Dia ina áras naofa.
Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann.
Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”
Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”
Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.”
an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.
D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.