Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;
Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!
Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.
Dúirt a mháistir leis: “Ní chasfaimid i leataobh isteach i gcathair choimhthíoch, daoine nach mbaineann le pobal Iosrael, ach ar aghaidh linn go Gibeá.”
D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.